SAMPLAÍ D'OBAIR CÉAD MÍLE FOCAL 2018


Tugtar roinnt samplaí thíos den obair atá déanta ag Céad Míle Focal le déanaí.


Tuarascáil Bhliantúil 2017: An Post
I mí Aibreáin 2018 d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil 2017 An Post. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2017 Vhi: Zinc Design Consultants
I mí Aibreáin 2018 d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2017 Vhi do Zinc Design Consultants a dhear an Tuarascáil Bhliantúil do Vhi. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Scéim Teanga: An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
I mí Aibreáin 2018 d’aistríomar Scéim Teanga 2018 – 2021 don Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Suíomh Gréasáin: Croí8
I mí an Mhárta 2018 d’aistríomar suíomh gréasáin an bhanna ceoil Croí8. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Sliocht as Úrscéal: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
I mí an Mhárta 2018 d’aistríomar sliocht as an úrscéal También esto pasará (Tiocfaidh maolú air seo leis) le Milena Busquets ó Spáinnis go Gaeilge. Léadh an t-aistriúchán Gaeilge ag an bhféile litríochta Words on the Street i mBaile Átha Cliath.


Comórtas Lámhscríbhneoireachta An Post: An Post
I mí Feabhra 2018 d’aistríomar an t-ábhar le haghaidh Chomórtas Lámhscríbhneoireachta An Post. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Comhairliúchán ar Struchtúr an Churaclaim agus ar Am: CNCM
I mí Eanáir 2018 d’aistríomar an tuarascáil deiridh ‘Foráis sa Bhunscolaíocht: Comhairliúchán ar Struchtúr an Churaclaim agus ar Am’ don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2016: An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta
I mí Eanáir 2018 d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2016 na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta (an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta atá uirthi anois). Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.



SAMPLAÍ D'OBAIR CÉAD MÍLE FOCAL 2017


Tugtar roinnt samplaí thíos den obair atá déanta ag Céad Míle Focal le déanaí.


Páipéar Comhairliúcháin ar Bheartas Náisiúnta ar Idirnasc Leictreachais: An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
I mí na Nollag 2017 d’aistríomar an páipéar comhairliúcháin ‘Dréachtbheartas Náisiúnta um Idirnasc Leictreachais in Éirinn: Comhairliúchán Poiblí’ don Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Páipéar Comhairliúcháin ar an Treoir maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise: An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
I mí na Samhna 2017 d’aistríomar an páipéar comhairliúcháin ‘An Treoir maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise: Bearta Slándála agus Tuairisciú Teagmhais d'Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha’ don Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Páipéar Comhairliúcháin ar an Scéim Oibleagáide Bithbhreoslaí: An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
I mí na Samhna 2017 d’aistríomar an páipéar comhairliúcháin ‘An Scéim Oibleagáide Bithbhreoslaí: Comhairliúchán ar arduithe ar an ráta oibleagáide bithbhreosla sa todhchaí’ don Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Tuarascáil Bhliantúil 2016 Bhaile Átha Cliath: Cathair Litríochta UNESCO: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
I mí Dheireadh Fómhair 2017 d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil 2016 Bhaile Átha Cliath: Cathair Litríochta UNESCO do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.


Plean Straitéiseach 2017 – 2022: An Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach
I mí Dheireadh Fómhair 2017 d’aistríomar Plean Straitéiseach 2017 – 2022 don Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Dréachtsonraíocht le haghaidh Churaclam Matamaitice na Bunscoile: CNCM
I mí Dheireadh Fómhair 2017 d’aistríomar an dréachtsonraíocht le haghaidh Churaclam Matamaitice na Bunscoile don CNCM. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Páipéar Comhairliúcháin ar Chur chun Feidhme na Treorach um Meánstáisiúin Dócháin: An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
I mí Lúnasa 2017 d’aistríomar an páipéar comhairliúcháin ‘Comhairliúchán Poiblí maidir le Cur chun Feidhme na Treorach um Meánstáisiúin Dócháin’ don Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2015: An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
I mí Lúnasa 2017 d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2015 don Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Baile Átha Cliath ar Do Thoil – Cuir aithne ar do Chomhairle Cathrach: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
I mí Iúil 2017 d’aistríomar an cháipéis ‘Baile Átha Cliath ar Do Thoil – Cuir aithne ar do Chomhairle Cathrach’ do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Preasráiteas: An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
I mí an Mheithimh 2017 d’aistríomar an preasráiteas ‘Éiríonn Tellus san Aer os cionn Dhún na nGall’ don Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Preasráiteas: An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
I mí an Mheithimh 2017 d’aistríomar an preasráiteas seo: ‘Tagann Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 i bhfeidhm’. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2016: An Post
I mí na Bealtaine 2017 d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2016 do An Post. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Tuarascáil Bhliantúil 2015 – 2016: An Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach
I mí na Bealtaine 2017 d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil 2015 – 2016 don Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach (IT, Sligeach).


Fógra Poiblí: Comhairle Cathrach na Gaillimhe
I mí na Bealtaine 2017 d’aistríomar an Fógra Poiblí seo: ‘Fógra faoi Athruithe Beartaithe ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2017 – 2023’. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Fógra Poiblí: Comhairle Cathrach na Gaillimhe
I mí na Bealtaine 2017 d’aistríomar an Fógra Poiblí seo do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: ‘Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha Speisialta) Uimh. 1-2017 (Criosanna Malla in Eastáit Tithíochta)’. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2016 Vhi: Zinc Design Consultants
I mí Aibreáin 2017 d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2016 Vhi. Is do Zinc Design Consultants a rinneamar an obair seo. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Tionscnamh Minority SafePack: Federal Union of European Nationalities
I mí Aibreáin 2017 d’aistríomar foirm bhailiúcháin a bhaineann leis an tionscnamh Minority SafePack de chuid an Federal Union of European Nationalities. Cliceáil anseo chun féachaint ar an aistriúchán Gaeilge.


Scéim Teanga 2017-2020: Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
I mí Aibreáin 2017 d’aistríomar Scéim Teanga 2017-2020 do Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta.


Ailt á bprofáil d'iris ar líne: NÓS
I bhFeabhra agus Márta 2017, phrofálamar na hailt don iris chultúir NÓS.


Suíomh greásáin: An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
I bhFeabhra agus Márta 2017, d’aistríomar ábhar ar shuíomh gréasáin na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ó Bhéarla go Gaeilge. 12,442 focal ar fad a bhí i gceist. Cliceáil anseo chun féachaint ar shampla den obair seo.


Preasráitis: An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Aistrímid preasráiteas amháin in aghaidh na míosa don Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Cliceáil anseo le teacht ar phreasráiteas Gaeilge Mhárta 2017.


Cuntas an Chiste Comhshaoil 2015: An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
I mí Eanáir 2017 d’aistríomar Cuntas an Chiste Comhshaoil 2015 don Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.


Straitéis um Éifeachtúlacht Fuinnimh san Earnáil Phoiblí: An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
I mí Eanáir 2017 d’aistríomar an Straitéis um Éifeachtúlacht Fuinnimh san Earnáil Phoiblí don Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Cliceáil anseo le teacht ar an aistriúchán Gaeilge.



SAMPLAÍ D'OBAIR CÉAD MÍLE FOCAL 2016


Moltaí i dtaca le struchtúr agus leithdháileadh ama i gcuraclam athfhorbartha bunscoile: Le haghaidh comhairliúcháin: An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)
I mí na Nollag 2016 d’aistríomar na ‘Moltaí i dtaca le struchtúr agus leithdháileadh ama i gcuraclam athfhorbartha bunscoile: Le haghaidh comhairliúcháin’ don CNCM. Cliceáil anseo le teacht ar an aistriúchán Gaeilge.


Paidir Mhisin agus Acmhainn Aidbhinte: Cumann na bPáistí Miseanta
I mí na Samhna 2016 d’aistríomar an Phaidir Mhisin agus paidreacha do Leabhar Acmhainne Aidbhint 2016 do Chumann na bPáistí Miseanta. Cliceáil anseo le teacht ar an Leabhar Acmhainne.


Seachtain um Chuimsiú Sóisialta 2016 – Sceideal na nImeachtaí: Comhairle Cathrach na Gaillimhe
I mí Dheireadh Fómhair 2016 d'aistríomar Sceideal na nImeachtaí do Sheachtain um Chuimsiú Sóisialta 2016 do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Cliceáil anseo le teacht ar an aistriúchán Gaeilge.


Póstaer agus Bróisiúr – Crann Taca Digiteach Scoile: An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
I mí Dheireadh Fómhair 2016 d’aistríomar póstaer agus bróisiúr don chlár Crann Taca Digiteach Scoile don Roinn Cumarsáide. Cliceáil anseo le teacht ar an aistriúchán Gaeilge.


Ábhar Tacaíochta – Feidhmeanna Teanga na Gaeilge: An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)
I mí Mheán Fómhair 2016 phrofálamar ‘Feidhmeanna Teanga na Gaeilge’, cuid den Ábhar Tacaíochta atá cruthaithe ag an CNCM le gabháil le Curaclam Teanga na Bunscoile. Cliceáil anseo chun féachaint ar an gcáipéis.


An téacsleabhar Fiosrú na hEolaíochta: Comhlacht Oideachais na hÉireann (The Educational Company of Ireland/Edco)
I mí Lúnasa 2016 phrofálamar an téacsleabhar scoile Fiosrú na hEolaíochta (Eolaíocht an Teastais Shóisearaigh) do Chomhlacht Oideachais na hÉireann (Edco). Cliceáil anseo chun féachaint ar an téacsleabhar Gaeilge seo.


Tuarascáil Bhliantúil 2015: An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
I mí Lúnasa 2016 d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil 2015 na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil a thugtar anois uirthi). Cliceáil anseo chun féachaint ar an leagan Gaeilge den cháipéis seo.


Tuarascáil Bhliantúil 2015: An Chúirt Oibreachais
I mí Lúnasa 2016 d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil 2015 na Cúirte Oibreachais. Cliceáil anseo chun féachaint ar an leagan Gaeilge den cháipéis seo.


Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2014: An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
I mí Lúnasa 2016 d'aistríomar Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2014 na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Cliceáil anseo chun féachaint ar an leagan Gaeilge den cháipéis seo.


Creatstraitéis um Inbhuanaitheacht Chultúir: Comhairle Cathrach na Gaillimhe
I mí Iúil 2016 d’aistríomar an cháipéis ‘Meas ar Chách: Creatstraitéis um Inbhuanaitheacht Chultúir do Ghaillimh 2016-2025’ do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Cliceáil anseo chun féachaint ar an leagan Gaeilge den cháipéis seo.


Ráitis Airgeadais: Fiontraíocht Éireann
I mí an Mheithimh 2016 d’aistríomar mír na Ráiteas Airgeadais de Thuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2015 Fhiontraíocht Éireann.


Ráitis Airgeadais 2015: Vhi/Zinc Design Consultants
I mí an Mheithimh 2016 d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2015 Vhi (trí Zinc Design Consultants). Cliceáil anseo chun féachaint ar an leagan Gaeilge den cháipéis seo.


Bearta Bainistíochta Tráchta maidir le Faiche an Choláiste: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
I mí na Bealtaine 2016 d’aistríomar an cháipéis ‘Bearta Bainistíochta Tráchta maidir le Faiche an Choláiste: Tuarascáil le haghaidh Comhairliúchán Poiblí’ do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.


Straitéis Iompair na Gaillimhe: Comhairle Cathrach na Gaillimhe
I mí na Bealtaine 2016 d’aistríomar Straitéis Iompair na Gaillimhe go Gaeilge do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Cliceáil anseo chun féachaint ar an leagan Gaeilge den cháipéis seo ina bhfuil os cionn 22,000 focal.


Duaiseanna an Ardmhéara: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
I mí Aibreáin 2016 d’aistríomar ábhar don leabhrán le haghaidh Dhuaiseanna Ardmhéara Bhaile Átha Cliath.


Tuarascáil Bhliantúil 2015: An Post
I Márta/Aibreán 2016, d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil 2015 An Post go Gaeilge. Cliceáil anseo chun féachaint ar an leagan Gaeilge den Tuarascáil Bhliantúil.



Painéil Dhún Richmond: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
I mí an Mhárta 2016, d’aistríomar sraith painéal le haghaidh Dhún Richmond.


Oideachas Comhshaoil: An Taisce
I mí an Mhárta 2016, d’aistríomar ábhar don tionscnamh ‘Smaoinigh Sula Sruthlaíonn Tú / Think Before You Flush’.


Scéim Teanga: Comhairle Cathrach na Gaillimhe
I mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2016, d’aistríomar 3ú Scéim Teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2016-2019.


GPO Witness History
I mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2016, d’aistríomar ábhar do shuíomh gréasáin an tionscnaimh mhóir 1916, GPO Witness History, chomh maith le póstaer a aistriú. Cliceáil anseo chun féachaint ar an suíomh gréasáin.


Tuarascáil Bhliantúil 2014: Comhairle Cathrach na Gaillimhe
I mí Feabhra 2016, d’aistríomar Tuarascáil Bhliantúil 2014 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Cliceáil anseo chun féachaint ar an leagan Gaeilge den Tuarascáil Bhliantúil.


Ábhar Tacaíochta do Churaclam Teanga na Bunscoile: CNCM
I mí Feabhra 2016, rinneamar profáil ar a lán ábhar tacaíochta a ghabhann le Curaclam nua Teanga na Bunscoile. Is don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a rinneamar an obair seo.


Seirbhísí Profála: Oifig an Choimisinéara Teanga
I mí Eanáir agus Feabhra 2016 chuireamar seirbhís phrofála iomlán ar fáil do Chomhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga, 2016.


Painéil 1916: Oifig na nOibreacha Poiblí
I mí Eanáir 2016 d’aistríomar painéil 1916 le haghaidh Pháirc Fhaiche Stiabhna d’Oifig na nOibreacha Poiblí.


Comórtas Lámhscríbhneoireachta 2016: An Post
I mí Eanáir 2016 d’aistríomar an t-ábhar do Chomórtas Lámhscríbhneoireachta An Post. Cliceáil anseo chun féachaint ar an ábhar Gaeilge.



SAMPLAÍ D'OBAIR CÉAD MÍLE FOCAL 2015


Suíomh gréasáin Theach Gléibe: Oifig na nOibreacha Poiblí
I mí na Nollag 2015 d’aistríomar suíomh gréasáin Theach agus Ghailearaí Gléibe d’Oifig na nOibreacha Poiblí. Cliceáil anseo chun féachaint ar an suíomh gréasáin.


Fodhlíthe 2015: Comhairle Cathrach na Gaillimhe
I mí na Samhna 2015 d’aistríomar Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Ól Deochanna Meisciúla in Áiteanna Poiblí a Rialáil agus a Rialú) (Leasú) 2015. Tá nasc anseo go dtí na Fodhlíthe i nGaeilge.


Suíomh gréasáin Theach Dhoire Fhíonáin: Oifig na nOibreacha Poiblí
I mí na Samhna 2015 d’aistríomar suíomh gréasáin Theach Dhoire Fhíonáin d’Oifig na nOibreacha Poiblí. Cliceáil anseo chun féachaint ar an suíomh gréasáin.


Oideachas faoi Reiligiúin agus faoi Chreidimh (ORC) agus Eitic: An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)
I mí Dheireadh Fómhair 2015 d’aistríomar ábhar do CNCM maidir leis an ábhar nua atá molta do bhunscoileanna, Oideachas faoi Reiligiúin agus faoi Chreidimh (ORC) agus Eitic. Cliceáil ar an nasc seo chun féachaint ar shampla den obair seo.


Suíomh gréasáin: An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
Idir Meán Fómhair agus Nollaig 2015 d’aistríomar cuid na Cumarsáide de shuíomh gréasáin na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Cliceáil anseo chun féachaint ar an gcuid seo.


Cáipéis faoin bhfoghlaim ar feadh an tsaoil ag dochtúirí: Comhairle na nDochtúirí Leighis
I mí Mheán Fómhair 2015 d’aistríomar an cháipéis ‘Oideachas, Oiliúint agus Foghlaim ar Feadh an tSaoil Dochtúirí in Éirinn san 21ú hAois’ do Chomhairle na nDochtúirí Leighis. Cliceáil anseo chun féachaint ar an gcáipéis seo as Gaeilge.


Scripteanna do An Lár TV
I mí Mheán Fómhair 2015 d'aistríomar scripteanna le haghaidh Shraith 2 den chlár teilifíse ‘An Mol’.


Tuarascáil Bhliantúil 2014: An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
I mí Iúil 2015 d'aistríomar Tuarascáil Bhliantúil 2014 na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Cliceáil anseo chun féachaint ar an leagan Gaeilge den Tuarascáil Bhliantúil.


Preaseisiúintí (idir phráinneach agus neamhphráinneach): An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
Aistríonn Céad Míle Focal preaseisiúintí (idir phráinneach agus neamhphráinneach), chomh maith le litreacha agus mórán ábhair eile, ar bhonn rialta don Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Cliceáil anseo le teacht ar cheann de na preaseisiúintí a d'aistríomar le déanaí.


Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2014: Comhairle na nDochtúirí Leighis
I Meitheamh/Iúil 2015 d'aistríomar Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2014 Chomhairle na nDochtúirí Leighis. Cliceáil anseo le teacht ar an aistriúchán seo.


Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Is minic a aistrímid Fógraí Poiblí, litreacha agus cáipéisí eile do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.


An Lámhleabhar Geolaíocht don tSochaí: An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
I mí na Bealtaine 2015 d'aistríomar an lámhleabhar Geology for Society go Gaeilge don Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.


Curaclam Teanga na Bunscoile: An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
I mBealtaine, Meitheamh agus Iúil 2015 bhíomar ag obair go dlúth leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) chun Curaclam Teanga na Bunscoile a aistriú, a phrofáil agus a chur in eagar. Aistrímid agus profálaimid ábhar tábhachtach eile ar bhonn rialta do CNCM.


Suíomhanna Cuimhneacháin Bhaile Átha Cliath/Dublin Commemorative Sites: Oifig na nOibreacha Poiblí
I mí Aibreáin 2015 d'aistrigh Céad Míle Focal an suíomh gréasáin ‘Suíomhanna Cuimhneacháin Bhaile Átha Cliath/Dublin Commemorative Sites’ d'Oifig na nOibreacha Poiblí. Cliceáil anseo le teacht ar an leagan Gaeilge den suíomh gréasáin seo.


2014 Bliain Eachtrúil do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
I mí an Mhárta 2015 d'aistríomar bróisiúr 3000 focal do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. 2014 Bliain Eachtrúil do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an teideal atá ar an leagan Gaeilge.


Comórtas Lámhscríbhneoireachta An Post
I mí Feabhra 2015 d'aistríomar an t-ábhar do Chomórtas Lámhscríbhneoireachta An Post do scoileanna. Cliceáil ar an nasc seo le teacht ar shampla dár gcuid oibre.


Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
I mí Eanáir 2015 fógraíodh gur bhuaigh Céad Míle Focal an comórtas tairisceana chun seirbhísí ceartaithe agus profála doiciméad a chur ar fáil d’Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.


An Plean Náisiúnta Leathanbhanda: An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
I mí Eanáir 2015 d'aistríomar cáipéis chomhairliúcháin maidir leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda don Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.


Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas, Ollscoil Mhá Nuad
Aistrímid cáipéisí riaracháin ar bhonn rialta do Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas, Ollscoil Mhá Nuad.


Tuarascáil Bhliantúil 2013 an Choiste arna Cheapadh chun Faireachán a Dhéanamh ar Éifeachtacht an Chláir Athstiúrtha: An Garda Síochána
I mí Eanáir 2015 d'aistríomar Tuarascáil Bhliantúil 2013 an Choiste arna Cheapadh chun Faireachán a Dhéanamh ar Éifeachtacht an Chláir Athstiúrtha.