Tá stiúrthóir Céad Míle Focal, Diarmuid Clifford, tar éis seirbhísí aistriúcháin agus eagarthóireachta a chur ar fáil don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta le cúig bliana anuas.

Bíonn muinín iomlán againn as ardchaighdeán a chuid oibre agus is féidir a bheith cinnte go gcuirfear obair i gcrích go pointeáilte. Is minic a mhol mé Diarmuid Clifford mar aistritheoir agus mar eagarthóir nuair a iarradh comhairle orm.

Guím gach rath ar Céad Míle Focal.


Muireann Ní Mhóráin,
Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)



Tá an Ghaeilge is cruinne ar chlár na Cruinne ag Diarmuid Clifford agus tá saineolas aige ar féidir le duine brath air. Molaim go mór é.


Ciarán Dunbar,
Iriseoir agus iar-Eagarthóir an nuachtáin náisiúnta Gaelscéal



Tá seirbhís leanúnach aistriúcháin curtha ar fáil ag Diarmuid Clifford d’Fhoireann Forbartha Tionscadal Mata le dhá bhliain go leith anuas. An obair atá déanta aige don Tionscadal, bhí sí i gcónaí gairmiúil, poncúil agus ar ardchaighdeán. Mholfainn Diarmuid d’aon duine a bheadh ag cuardach seirbhís aistriúcháin den chéad scoth.


An Dr. Anne Brosnan,
Comhordaitheoir Náisiúnta, Foireann Forbartha Tionscadal Mata